Blaiseadh de Chorca Dhuibhne

A snapshot of Corca Dhuibhne

An Chartlann:
Tá saibhreas ar leith ag baint le leithinis Chorca Dhuibhne agus ba mhór againn an saibhreas sin a roinnt libh agus blaiseadh a thabhairt daoibh den saol atá de shíor ag athrú agus cuimhní ag sleamhnú uainn. Léiríonn na seoda luachmhara sa chartlann seo gnáthshaol na ndaoine agus stair shóisialta na leithinse le céad bliain anuas agus é mar aidhm againn go mbeadh na híomhánna seo caomhnaithe agus curtha ar fáil do thaighdeoirí, stairithe, antraipeolaithe nó d’éinne gur suim leo iad. Táimid go mór faoi chomaoin ag pobal Chorca Dhuibhne a roinn a ngrianghraif phearsanta go fiail linn agus tá súil againn go mbeimid ag cur leis an gcnuasach seo go leanúnach. Ár mbuíochas leis an gComhairle Oidhreachta chomh maith a thacaigh linn leis an dtionscadal seo.
The Archive:
The Corca Dhuibhne Gaeltacht is a unique area with a vast wealth of riches, including our literary history, our language, folklore, music, arts, and stunning landscape and we would love to share some of this wealth with you through this photographic archive and give you a taste of a life that is constantly changing.
The valuable treasures in this archive show the everyday lives and the social history of the peninsula over the past century and this collection enables us to provide a visual historical record from the Gaeltacht peninsula which is available to researchers, historians, anthropologists or anyone who is interested in life in Corca Dhuibhne. We are greatly indebted to the local community who generously shared their personal photographs with us and we hope that we will continue to add to this collection in the future. We would also like to acknowledge the Heritage Council for their support with this project.

Na grianghraif is déanaí ón gcartlann / Latest Photos from the archive