Blaiseadh de Chorca Dhuibhne
A snapshot of Corca Dhuibhe
Maidir linne
muintir Chorca Dhuibhne.
An Chartlann:
Cuireadh tús leis an dtionscadal seo i 2024 chun grianghraif le céad bliain anuas a bhailiú ó phobal Chorca Dhuibhne agus cartlann ar líne le rochtain oscailte a bhunú. Le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta, d’éirigh linn na grianghraif ar an suíomh seo a bhailiú ón bpobal agus iad a chlárú agus na sonraí inchuardaithe cuí a chur leo. Is tionscadal fiúntach, luachmhar é seo ar mhaithe le taifead ar stair shóisialta an cheantair a bhailiú agus a chaomhnú agus a chur ar fáil do thaighdeoirí, stairithe, antraipeolaithe nó d’éinne gur suim leo iad. Is tionscadal leanúnach é seo chomh maith agus beimid ag cur leis an gcartlann go rialta agus go leanúnach.
Táimid go mór faoi chomaoin ag pobal na leithinse as ucht a gcuid flaithiúlachta lena ngrianghraif phearsanta. Murach an
comhoibriú ó mhuintir Chorca Dhuibhne, ní bheadh an chartlann seo ann. Tá taifead buan ar shaol na leithinse anois againn ar fáil do chách. Bainigí sásamh agus tairbhe as!
Buíochas
Ár mbuíochas le pobal Chorca Dhuibhne a thacaíonn leis an gComarchumann i gcónaí. Is ar mhaithe le pobal na leithinse a fheidhmíonn CFCD. Is tionscadal é seo a tháinig ón bpobal áitiúil agus atá ar fáil anois do chách. Táimid fíorbhuíoch don gComhairle Oidhreachta as maoiniú a chur ar fáil dúinn faoin Scéim Deontais Oidhreachta Pobail. Ár mbuíochas le foireann Oidhreacht Chorca Dhuibhe agus le foireann CFCD a chabhraigh leis an dtionscadal, go háirithe Ruth Uí Ógáin a tháinig suas leis an smaoineamh an chéad lá agus a dhein comhordanú ar an dtionscadal iomlán. Buíochas lenár gcoimeádtaí digiteach neamhspleách, Deirdre Ní Chonghaile, a stiúirigh agus a threoraigh sinn, agus gach éinne eile a chuir comhairle orainn. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as an gcnuasach seo.
Nóta breise maidir le sonraí na ngrianghraf
Is ionann an “Bronntóir” atá luaite le gach grianghraf agus an té a thug an grianghraf chugainn i CFCD agus a chuir na sonraí ar fáil dúinn. I gcásanna áirithe ní fios cé a thóg an grianghraf nó cén bhliain ar tógadh é.
Tá gach iarracht déanta na sonraí cuí a bheith luaite leis na grianghraif. Sa chás go bhfuil eolas míchruinn tugtha againn ar an suíomh seo trí dhearúd, ár leithscéal faoi sin. Tá bosca moltaí ag bun gach grianghraf agus cuirfimid fáilte roimh mholtaí ón bpobal maidir le grianghraif.
Who We Are
and for the benefit of the people of Corca Dhuibhne.
The Archive:
This project was started in 2024 with the aim of collecting photographs from the past century from the Corca Dhuibhne community and establishing an open access online archive. With the support of the Heritage Council, we managed to collect and register the photographs on this site from the local community and add the appropriate searchable metadata. This is a worthwhile and valuable project with the purpose of collecting and preserving a record of the social history of the area and making it available to researchers, historians, anthropologists or anyone who is interested in this area. This is also an ongoing project and we will be adding to the archive regularly in the future.
We are greatly indebted to the local community for their generosity with their photographs. If it weren’t for the collaboration of the Corca Dhuibhne community, this archive would not exist. We now have a permanent record of life on the peninsula available to all. We hope you enjoy it.
Acknowledgements
Our thanks to the community of Corca Dhuibhne who always support the work of the Comharchumann. CFCD strives to work for the benefit of the community of the peninsula. This is a project that came from the local community and is now available to everyone. We are very grateful to the Heritage Council for providing us with funding under the Community Heritage Grant Scheme. Our thanks to Oidhreacht Chorca Dhuibhne and to all the staff in CFCD, especially Ruth Uí Ógáin who came up with the idea originally and who coordinated the whole project. Thanks to our independent digital curator, Deirdre Ní Chonghaile, for all the advice and guidance, and everyone else who advised and assisted us along the way. We hope you enjoy and benefit from this collection.
Note on photo details
The “Contributor” mentioned with each photo is the person who brought the photo to us in CFCD and who gave us the details regarding the photo. In some cases it is not known who took the photo or the year it was taken.
Every effort has been made to include the appropriate details with the photos. If we have inadvertently given inaccurate information on this website, our apologies. There is a suggestion box at the bottom of each photo and we welcome suggestions from the public regarding photos.